Failte go hArainn Mhor, Welcome to Arranmore
 

Fáilte go suíomh ghréasáin Oileán Árainn Mhóir.

Ar an suíomh seo, tá eolais faoi Oileán Árainn Mhóir curtha ar fáil do chuairteoirí, an bealach isteach chun an oileán agus na rudaí a dtig leat a dhéanamh le linn do chuairt anseo. Cibé rudaí atá spéis agat iontu, tá súil againn go mbainfidh tú an-sult as do chuairt anseo.
Brabhsáil an suíomh agus chífidh tú gach rud atá ar fáil ar Oileán Árainn Mhóir, téigh ar thuras Timpeall an Oileáin, tar ar chuairt chun an Bhaile Saoire agus gabh ar thuras taiscéalta thart ar na Siúlóidí. Faigh an nuacht is deireanaí ón oileán agus ón Chomharchumann.


TÚS CURTHA LEIS AN VÓTAIL!
CHUN VÓTA A CHAITHEAMH AR SON Club Óige Árainn Mhóir SEOL TEASC, GWEEDORE A, CHUIG 53099


Tá Oileán Árainn Mhóir suite trí mhíle amach ó chósta iarthuaiscirt Thír Chonaill.
Thugtaí Ára Uí Dhomhnaill ar an oileán nuair a bhí Clann Uí Dhónaill i réim ar an oileán le linn na Meánaoiseanna. Scriosadh ar na Gael agus cuireadh tús le Plandáil Uladh sa bhliain 1609. I lár an seachtú haois déag, bronnadh an chuid is mó d’iarthar Thír Chonaill, Oileán Árainn Mhóir san áireamh ar William Conyngham, an tiarna talún a thóg Caisleán na Sláine agus a raibh cónaí air intí. Sa bhliain 1855, ghlac John Stoupe Charley sheilbh ar an oileán. Thóg seisean teach cónaithe (Ostán an Ghleanna) do féin, thóg sé Eaglais Phrotastúnach agus bhunaigh sé an chéad scoil i bhFál an Ghabhann. Nuair a tháinig deireadh le réim na dtiarna talún, ghlac Comisiúin Talún na hÉireann na taillte anonn sa bhliain 1893 agus bronnadh a gcuid taillte ar ais ar phobal an oileáin.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teangbháil linn.
Contacts