Thorthaí an Staidéir Teangeolaíoch
Cruinnithe Faisnéise Poiblí ar Thorthaí an Staidéir Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa GhaeltachtPreasráiteas 8 Eanáir 2008
Eisithe ag Oifig Preasa & Eolais na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Email / Ríomhphost: eolas@pobail.ie Web/Gréasán: www.pobail.ie
Tel/Teil: 01 647 3130 Fax/Facs: 01 667 0826
Cruinnithe Faisnéise Poiblí ar thorthaí an
Staidéir Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht
Tá cruinnithe faisnéise poiblí á eagrú ar fud na Gaeltachta ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun gnéithe den Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chur i láthair an phobail agus chun ceisteanna a fhreagairt.
Beidh údair an Staidéir i láthair ag na cruinnithe seo chun míniú a dhéanamh ar an modheolaíocht a bhain leis an Staidéar agus chun na torthaí agus na moltaí a chur i láthair.
Beidh na cruinnithe sin ar siúl sna hionaid seo a leanas:
15 Eanáir 2008 7.30 i.n.
Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí
21 Eanáir 2008 7.30 i.n.
Ionad Acadaimh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair, Co. Dún na nGall
23 Eanáir 2008 7.30 i.n.
Ostán an Dóilin, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe


