Spás Fiontraiochta - Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime
Údarás na GaeltachtaSpás Fiontraíochta
Ionad Fiontraíochta ar an Mhálainn Mhóir, Gleann Cholm Cille
Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó pháirtithe a mbeadh suim acu an tIonad Fiontraíochta úr, 372 méadar cearnach ar an Mhálainn Mhóir, Gleann Cholm Cille, a ghlacadh ar léas.
Bheadh muid ag súil go nglacfaí an foirgneamh ar léas do chuspóirí forbartha gnó nó tráchtála nó cibé úsáid eile a bheadh ag teacht le feidhmeanna an Údaráis.
Ba chóir eolas a thabhairt faoi chúlra an tionscnóra, faoin fhorbairt agus faoin fhostaíocht atá beartaithe.
Spás Fiontraíochta
Ionad Fiontraíochta ar Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall
Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe suime ó pháirtithe a mbeadh suim acu an tIonad Fiontraíochta, 418 méadar cearnach ar Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall, a ghlacadh ar léas. Bheadh muid ag súil go nglacfaí an foirgneamh ar léas do chuspóirí forbartha gnó nó tráchtála nó cibé úsáid eile a bheadh ag teacht le feidhmeanna an Údaráis.
Ba chóir eolas a thabhairt faoi chúlra an tionscnóra, faoin fhorbairt agus faoin fhostaíocht atá beartaithe.
Is féidir ceachtar den dá Ionad Fiontraíochta a fheiceáil agus a scrúdú, nó tuilleadh eolais a fháil ina leith, ach teagmháil a dhéanamh le:
Micheal Mac Giolla Easbuig
Údarás na Gaeltachta
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
Teil: 074 95 60100 Ríomhphost: mmge@udaras.ie

