Failte go hArainn Mhor, Welcome to Arranmore
 

Plean Forbartha Cuimsitheach Oileán Árainn Mhóir

Tá Canavan Associates i gcomhair le Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, ag ullmhú Plean Forbartha Cuimsitheach don oileán.
Cuireadh tús leis an obair ullmhúcháin ag tús na bliana 2006. I mí Lúnasa 2006, rinne Canavan Associates suirbhé ar iomlán an phobail chun deis a thabhairt díofa, a gcuid tuairimí a chur in iúl i dtaca le cúrsaí forbartha ar an oileán. Tá torthaí an suirbhé ina mbun chloch don phlean. Bunaíodh an comharhumann sa bhliain 1976 agus feidhimíonn an comharchumann dé réir na haidhmeanna atá leagtha síos: forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an oileáin a chur chun cinn, ar mhaithe leis an phobal i gcoiteann.

Tá mórán spriocanna leagtha amach sa phlean agus ar chuid do na príomh spriocanna tá:

Cultúr & Teanga
An Timpeallacht(Plean Dramhaoíla a ullmhú faoi láthair i gcomhair le RPS Consultants)
Aiseanna do Chuairteoirí & Cúrsaí Turasóireachta
Fuinneamh In-athnuaite
Aiseanna Spóirt & Caiteamh Aimsire

Beidh Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo ag seoladh an phlean i mbliana. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Nóirín Uí Maoldomhnaigh/Seán Mac Eachmharcaigh, Comharhcumann Oileán Árainn Mhóir Teo. 074 9520533.