Logainmneacha na mBailte Fearainn
Tá trí cinn déag de bhailte fearainn ar Árainn Mhór:An Leadhb Gharbh
Tá sráidbhaile gnóthach anseo agus is ann a thagann an bád farantóireachta i dtír. Tá cuid mhór d'áiseanna an oileáin lonnaithe ar An Leadhb Gharbh - scoil náisiúnta Uimh. 1, Gairmscoil Mhic Diarmada, Oifig an Phoist agus Óstán an Ghleanna. Lena chois sin, tá teach lóistín agus bialann Uí Chnáimhsí ann, Brú Óige, siopa grósaera agus tábhairne Phil Uí Bhaoill, teach leanna Uí Luaitheirí agus halla rince/club oíche agus tábhairne Uí Bhaoill. Poll a'Mhadaidh
Baile fearainn mór é seo a fuair a ainm ó pholl, nó uaimh, a bhí mar ghnáthóg ag dobharchúnna. B'as Poll a' Mhadaidh cuid mhaith de na chéad daoine a dhíbir an tiarna talaimh, John Stoupe Charley, as an oileán agus a chuaigh go hOileán Béabhair. Ba é an ceoltóir clúiteach, Daniel O'Donnell, a d'oscail Stáisiún úr Bhád Tarrthála Árainn Mhóir i bPoll a' Mhadaidh sa bhliain 1997.Screig an tSeabhaic
Tá an baile fearainn cnocach caoránach seo ar thaobh na láimhe clé de chrosbhealach Pholl a'Mhadaidh, síos a fhad le Bá Bhéal a'Chraoise, áit a bhfuil uaigh ghlas inar hadhlacadh triúr anaithnid a fuarthas báite ar an chladach ag deireadh an naoú haois déag.Na Goirt Ghearra
Tá cnoc ag taobh an chrosbhealaigh sa cheantar seo ar a dtugtar 'Pinky Hill' as, siocair gur ghnách le cailíní óga a bhíodh i ndiaidh filleadh as Albain, a theacht le chéile ann. Bhíodh cultacha deasa bándearga orthu uilig, is cosúil! An Cloch Corr
Tugtar Na Clocha Corra ar an bhaile fearainn seo fosta. Tá cuid mhór clocha eibhir san áit ach tá ceann amháin a bhfuil imir ghorm inti atá neamhchosúil leis na cinn eile. Tá Comharchumann Oileán Árainn Mhóir agus Ionad Fiontraíochta Árainn Mhóir suite ar An Chloch Chorr.
Fál an Ghabhann
Bhí gabhann d'ainmhithe anseo agus duine ar bith nach raibh ábalta a gcíos a íoc leis an tiarna talaimh, chuirtí a gcuid ainmhithe isteach sa ghabhann go dtí go mbeadh ar a gcumas íoc ar a son. Bhí Teach na Cúirte, a tógadh sa bhliain 1855, anseo chomh maith agus bhaintí úsáid as mar phríosún. Tá sráidbhaile saoire suite anseo anois agus ba í Jean Kennedy Smith a rinne an oscailt oifigiúil air sa bhliain 1997.Baile an tSrátha
Is i mBaile an tSrátha atá an tIonad Lae suite. Tá siopa grósaera agus teach tábhairne Néilidh suite sa bhaile íseal seo chomh maith. An Baile Ard
Tá eas bheag dheas sa cheantar seo (An Ailt) ach ní féidir fáil a fhad léi le fada an lá.An Uileann
Tá An Uileann Íochtarach agus An Uileann Uachtarach ann. Plochóg
Sa bhaile fearainn seo, atá ceathrú míle ar fhad, is ar iascaireacht agus ar fheirmeoireacht is mó a mhaireann na daoine. Suite sa bhaile seo tá Teach Óstán Árainn Mhóir. Tá cloch Aifrinn, ar a dtugtar Malaidh na hAltóra, san áit agus sa bhliain 1995, chuir an tAth Jimí Ó Siail suas cloch chuimhneacháin ag taobh na haltóra don mhuintir a bádh in 1935 agus i gcuimhne an Ghorta Mhóir, 1845.Leadhb Rannach
Tógadh an dara bunscoil atá ar an oileán i Leadhb Reannach sa bhliain 1915. Anseo fosta, tá áis tuirlingthe an héileacaptair agus páirc sacair an oileáin - páirc bhaile Arranmore United. Athphort
Tá muintir Athphoirt iontach dílis don Ghaeilge i gcónaí.Na Tuarthaí
Baintear úsáid as an fhocal 'tuar' go leitheadach in Árainn Mhór - ag tagairt d' éadach a bheadh amuigh ar triomú nó ar tuar. D'fhéadfadh sé fosta gur páirceanna caorach atá i gceist san ainm. Ba sna Tuarthaí a baineadh an t-eibhear lenar tógadh Teach an tSolais. I ndiaidh á mbainte, tugadh na clocha ansin a fhad le suíomh theach an tsolais le capall agus carr.