Cúrsa Oiliúna Riarthóirí/Rúnaithe le Gaeilge mar Phríomh-Theanga
Cúrsa Europus Teo. i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta arís i mbliana i gConamara le freastal a dhéanamh ar an éileamh mór anseo agus san Eoraip ar riarthóirí/rúnaithe oilte arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga.Cuirfear ardoiliúint ar iarrthóirí i nGaeilge agus i mBéarla, i scileanna oifige, ríomhaire agus riaracháin agus i dtástálacha ceisteanna ilroghnacha. Ullmhófar mic léinn chun tástáil eolais ar chúrsaí na hEorpa a shuí.
Glacfar le hiarratais ó dhaoine a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine lánfhásta nach bhfuil ach a léireoidh cumas i dtástáil phraiticiúil i nGaeilge agus i mBéarla.
Ní bheidh aon táille i gceist agus íocfar liúntais chothabhála in aghaidh na seachtaine.
Cúrsa lánaimseartha sé mhí a bheidh i gceist ag tosú mí Dheireadh Fómhair. Seol d’iarratas roimh 5 Meán Fómhair chuig:
Europus,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
nó glaoigh orainn ag 091 572082 www.europus.ie

