Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo
Seirbhísí Chomharchumainn
Na Coistí An Fhoireann
Plean Forbartha Cuimsitheach Oileán Árainn Mhóir
Bunaíodh Comharchumann Oileán Árainn Mhóir sa bhliain 1976 chun forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an oileáin a chur chun cinn. Is le bunadh an oileáin iad féin an comharchumann agus is iad féin a eagraíonn gnó na heagraíochta. Is iadsan na scairshealbhóirí ar an chomharchumann seo atá reáchtáilte go daonlathach ar bhunús duine amháin, vóta amháin.
Déantar féidearthachtaí an oileáin a fhorbairt ar mhaithe le leas gach uile dhuine in Árainn Mhór.
Seo a leanas cuid de na tionscadail mhóra a chur an Comharchumann i gcrích nó a bhfuil siad ina mbun:
- Conraitheoirí don Ionad Leighis / Ionad Lae
- Ba é an Comharchumann a fuair agus a rinne riarachán ar an tseirbhís farantóireachta ar feadh na chéad trí bliana ó 1983-1986
- Tógadh sráidbhaile saoire ina bhfuil 8 dteach
- Rinneadh stocaireacht fá choinne tithíocht an Chomhairle Contae don oileán, rud a chiallaigh gur tógadh 8 dteach teaghlaigh agus 4 theach do sheandaoine
- Áiseanna do na hiascairí m.sh. céanna agus fánáin
- Cúrsa gailf dhá mhaide
- Ionad Oidhreachta/Cultúrtha
- Stór soláthair d'ábhar tógála a chur ar fáil
- Comhthiomsú innealra ar fáil
- Deontais faighte do áis tuirlingthe an héileacaptair
- Eagrú & Riaradh Ranganna Gaeilge
Bainisteoir: Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh
Tá tacaíocht a fháil ag Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo ó Údarás na Gaeltachta faoi scéim Deontas Reáchtálá na gComharchumann.


