Comharchumann Oileán Árainn Mhóir, Arranmore Island, County Donegal, Ireland on the Wild Atlantic Way - Slí An Atlantaigh Fhiáin

Book - Oileán Árainn Mhóir - Arranmore Island

Book - Oileán Árainn Mhóir - Arranmore Island
Oileán Árainn Mhóir - Arranmore Island

Available @€15.00 from An Chultúrlann. All proceeds towards proposed all-weather community pitch, Gairmscoil Mhic Diarmada.
The book is the result of the combined efforts of participants on a FÁS Community Response Project which took place on the island from December 1999 to October 2000. The book was officially launched on 3/4/2006.

Scíobh Antoine Ó Ceallacháin an Reamhrá a leanas don leabhar, Oileán Árainn Mhóir - Arranmore Island. Cuireadh an leabhar le chéile mar thoradh ar Thionscadal Pobail a thosaigh i mí na Nollag 1999 agus a mhair go dtí deireadh mí Dheireadh Fómhair 2000. Seoladh an leabhar go hoifigiúil ar an 3/4/2006.

Is féidir an leabhar a chéannacht go háitiúil nó tríd an phost. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh leis an Chomharchumann. Seoladh Oifigiúil an Leabhar 'Oileán Árainn Mhóir'

Réamhrá

Tá Árainn Mhór ar cheann de na hoileáin is dlúithe daonra ar chósta na hÉireann. Mar sin féin, ní dearcadh 'oileánachais' atá ag bunadh an oileáin - is fada, fada iad ag taisteal ar fud an domhain. Tá ceangal an-láidir le hAlbain agus le dreamanna áirithe sna Stáit Aontaihe agus i gCeanada. Bíonn siúlach scéalach.

Sa leabhar seo, tá fiosrú agus taiscéaladh déanta ar na nascanna sin, idir pearsanta agus pobail, an dóigh inar tharla a leithéidí agus ina ndeachaigh siad chun cinn le cois an éifeacht atá acu go fóill. Ach ag an am chéanna, ní doiciméad socheolaíoch atá i gceist anseo ach léargais bheaga luachmhara ar stair agus ar shaol na ndaoine, ar a gcuid scéalta agus amhráin. Cosúil le go leor áiteanna eile ar fud na tíre, d'fhulaing muintir Árainn Mhór a sciar féin den chruatan agus den chrá croí, den bhrón agus den leatrom. Tá an cur síos fán mharfach a rinneadh in Uaimh an Áir ar scéal chomh huafásach dochreidte is atá le fáil i stair aon chine i dtaca le cruálacht gan siocair. Ní rud úr ar bith é an 'glantach eitneach'. Agus ansin, tá brón ar leith a bhaineann le hoileáin - na longa agus na bádaí a chuaigh go tóin poill agus an mhuintir a bádh go tragóideach, fiú i gcuimhne na ndaoine.

Ach tá níos mó ná sin sa tuairisc seo. Tá radharc leitheadach le fáil ar stair an oileáin ó phictiúir seo na Mílaoise 2000. Tá cuntas geografach breactha síos chomh maith le gach uile loch agus gach uile chnoc. Sa chaibidil sármhaith faoi éanacha, tá cuntas tugtha ar gach uile éan dá bhfacthas ariamh ar Árainn Mhór.

Tá caibidil dóibh féin ag na sagairt, gach sagart a d'fhreastail ar an oileán ó thús an naoú céad déag go dtí an lá atá inniu ann. Tá scéal Wayne Dickenson ann, fear a tháinig trasna an Atlantaigh i mbád nach raibh ach 9 dtroithe ar fhad agus a shíl go raibh sé in Inse Ghall nuair a tháinig sé i dtír ar chladach Árainn Mhór. Tá cur síos déanta ar chumann peile an oileáin agus ar an chumann Foróige atá ann. Agus tá a chaibidil féin ag Teach Solais Árainn Mhór, mar atá ag Bád Tarrthála Árainn Mhór atá ag tabhairt seirbhíse ó 1883 ar aghaidh.

Ceann de na scéalta is spéisiúla agus is iontaí sa leabhar seo ná "Péarlaí na nDálach" - seoda a deirtear a bhronn Rí Pilib na Spáinne ar Thaoiseach Dhún na nGall, Aodh Rua Ó Dómhnaill, as ucht cuidiú a thabhairt do dhaoine a tháinig slán ó Armáid mhí-ámharach na Spáinne sa bhliain 1588. Agus tá tuilleadh ann - tiarnaí agus leannáin, oifig phoist an oileáin agus an dochtúir iomráiteach, William Smyth.

Ní miste cé acu atá dlúthghaol agat leis an oileán, nó díreach ar cuairt nó nach ndearna tú an turas fiche bomaite ó Ailt a’ Chorráin go dtí An Leadhb Gharbh ariamh, is leabhar fíorluachmhar é seo do dhuine ar bith.

Antoine Ó Ceallacháin