€240,185 ceadaithe d’fhorbairt Ché an Reannaigh
www.gaelport.com14ú Már. 2008
Tá deontas €240,185 ceadaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun comhairleoirí innealtóireachta a cheapadh i ndáil le dearadh agus doiciméid chonartha a ullmhú do Ché an Reannaigh.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Ó Cuív: 'Tá ríméad orm bheith ag fógairt an deontais seo do Chomhairle Chontae Dhún na nGall inniu. Bainfidh an pobal leas mór as an tionscadal agus tá an-áthas orm gur chuidigh mo Roinnse an próiseas a bhogadh chun cinn.'


